Go Back

Mary Henry
Leas-Stiúrthóir Iniúchóireachta
Is cuntasóir cáilithe í Mary agus tá sí ina ball de Chumann na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte. Tá breis agus 30 bliain de thaithí iarcháilíochta aici ar iniúchóireacht airgeadais agus feidhmíochta. Chuaigh Mary isteach san Oifig i 1998 agus d'oibrigh sí ar phunanna éagsúla iniúchóireachta ag gach grád gairmiúil san Oifig lena n-áirítear iniúchadh a dhéanamh ar ranna rialtais láir agus ar chomhlachtaí Stáit. Tá Máistreacht san Eolaíocht Eacnamaíoch in Anailís Bheartais ag Mary.





